Chuaigh sí ar scoil i nGort na Brád. Bhí an máistir crua ar an scoil ach bhí sé maith ag teagasc agus fuair sí oideachas maith agus ghlac sí dúil sa léann.
Fad: 00:01:31 Éist
Nuair a bhí sí 14 bliana d’aois chuaigh sí as sin go Coláiste Bhríde i mBaile Chonaill ar na Crois Bhealaí (An Fál Carrach). Ba mná rialta (Loreto) a bhí ag teagasc ann ag an am agus rinneadh an teagasc uilig i nGaeilge. Déanann sí cur síos maith ar a ceithre bliana ansin agus an caighdeán ard léinn a tugadh daofa. Bhí uaigneas uirthi ar dtús agus scríobhadh sí na bhaile uair sa tseachtain agus théadh sí na bhaile ansin trí huaire sa bhliain, ag Nollaig, ag An Cháisc agus do shaoire an tsamhraidh.
Fad: 00:12:02 Éist
D’imigh sí go Baile Átha Cliath i ndiaidh scrúdú na hardteistiméireachta go Coláiste Bhantiarna na Trócaire, Dún Carúin, An Charraig Dubh. Chaith sí dhá bhliain ar an choláiste sin agus cháiligh sí mar mhúinteoir. Bhí níos mó saoirse ag na scolairí ansin agus gheobhadh siad mach ag damhsaí ag an deireadh seachtaine. Bhí caighdeán ard sa choláiste sin fosta, shíl sí go raibh na ceachtanna deacair, go háirithe stair na hEorpa.
Fad: 00:05:40 Éist
Phill sí na bhaile arís agus fuair sí scoil i gCarraig Airt agus ar an Chraoslach.
Fad: 00:04:17 Éist
Nuair a bhí sí i gColáiste Bhríde i mBaile Chonaill, dhéanadh na mná rialta cigireacht ar an éadach a bhí ag na cailíní agus cé chomh glan agus a bhí siad gach oíche Shatharn. Bhíodh siad ag imirt spóirt agus bhíodh go leor uirlisí ceoil ansin mar chaitheamh aimsire.
Fad: 00:02:45 Éist